wayground logo

Free Printable Worksheets

Font size

S
M
L
XL
Worksheets

Scrúdú Briseadh Téarma

Total questions: 37

Worksheet time: 37mins

Name
Class
Date
1.

Roghnaigh samplaí do rochothú:

a)

Murtall

b)

Diaibéiteas

c)

Galar putóige

d)

Asma

2.

Bealach chun snáithín a mhéadu san aiste bia.

a)

Béilí ard i bpróitéin a ithe

b)

Gránaigh slánghráinneacha a ithe

c)

Níos mó aclaíochta a dhéanamh

d)

sú oráiste a ól le haghaidh bricfeasta

3.

Sainmhíniú IBS:

a)

bíonn gluaiseacht mírialta sa phutóg agus ní oibríonn an phutóg i gceart. Bíonn an phutóg mothálach do bhia, do stólta, do gás agus do strús.

b)

nuair a athraíonn polaipí ar bhalla na putóige ailseach

c)

féitheacha ata istigh agus timpeall an anas agus san athán

d)

d’fhéadfadh an brú a chuirtear ar bhalla na stéige pócaí beaga lán le dramhaíol bia (baictéir, gáis, aigéid) a chruthú

4.

Sainaithin siomptóim haemaróidí

a)

Pianmhar, Crampaí matán sa bholg, Séidte, Buinneach agus iatacht, Gaofaireacht

b)

Cailliúint, fola sna stólta, Cailliúnit meacháin, buíochán

c)

Pianmhar agus míchompordach, Tochas, Cailliúint fola sna stólta

5.

Fíor nó bréagach: tagann oistéapóróis ar mhná níos minice ná fír

a)

Fíor

b)

Bréagach

6.

Cén mianraí a chabhraíonn le oistéapóróis a chosc?

a)

Vitimín C

b)

Fosfar

c)

Vitimín D

d)

Cailciam

7.

Ainmnigh an gnéis-hormóin a choisceann Oistéapóróis

a)

Éistraigin

b)

Aidréanailín

c)

Dopaimín

d)

Téististéarón

8.

Cén ceann do na substaintí thíos a chuireann bac ar ionsú cailciam?

a)

Fosfar

b)

Éistraigin

c)

snáithín

d)

Próitéin

9.

Sainmhínigh Murtall

a)

nuair atá a m(h)eachán 5% níos troime ná an meachán a moltar dó/di. Úsáidtear innéacs corpmhaise (ICM) agus méid basta chun meachán an duine a fháil. Má tá ICM an duine thar 25, bíonn rómheachán orthu agus má tá an ICM thar 30, bíonn murtall orthu.

b)

nuair atá a m(h)eachán 30% níos troime ná an meachán a moltar dó/di. Úsáidtear innéacs corpmhaise (ICM) agus méid basta chun meachán an duine a fháil. Má tá ICM an duine thar 25, bíonn rómheachán orthu agus má tá an ICM thar 30, bíonn murtall orthu.

c)

nuair atá a m(h)eachán 20% níos troime ná an meachán a moltar dó/di. Úsáidtear innéacs corpmhaise (ICM) agus méid basta chun meachán an duine a fháil. Má tá ICM an duine thar 25, bíonn rómheachán orthu agus má tá an ICM thar 30, bíonn murtall orthu.

d)

nuair atá a m(h)eachán 25% níos troime ná an meachán a moltar dó/di. Úsáidtear innéacs corpmhaise (ICM) agus méid basta chun meachán an duine a fháil. Má tá ICM an duine thar 25, bíonn rómheachán orthu agus má tá an ICM thar 30, bíonn murtall orthu.

10.

Déan cur síos ar Galar Corónach Croí

a)

nuair a laghdaíonn mais chnámh agus éiríonn cnámha tanaí agus póiriúil. De thoradh seo, bíonn cnámha briosc, sobhriste agus briseann siad go héasca

b)

nuair atá leibhéal glúcóis ard sa fhuil.

c)

nuair a chaolaítear ballaí na n-artairí fola mar gheall ar cholaistearól (substaint shailleach) LDL

11.

Cén cineál colaistearóil a mhéadaíonn baol ghalar corónach croí?

a)

Colaistéaról HDL

b)

Colaistéaról LDL

12.

Déan cur síos ar Aingíne:

a)

bac sna hartairí

b)

easpa insline déanta ag an bpancréas

c)

gearranáil ar dhuine, pian mhillteanach sa chliabhrach. Cuireann strús leis seo

d)

cnámha laga

13.

Laghdaíonn aiste bia ard i saill sháithithe baol ghalar corónach croí.

a)

Fíor

b)

Beagach

14.

Tá duine le diaibéiteas cineál 1 neamhspleách ar inslin.

a)

Fíor

b)

Beagach

15.

Tagann diaibéiteas cineál 1 ar dhuine nuair atá drochaiste bia acu.

a)

Fíor

b)

Bréagach

16.

Bíonn buinneach mar shiomptóm nuair atá diaibéiteas ar dhuine.

a)

Fíor

b)

Beagach

17.

Déan cur síos ar hipirglicéime.

a)

Leibhéal ard siúcra sa fhuil agus easpa insline sa chorp mar iontógáltar méid ró-íseal insline nó an iomarca carbaihiodráití

b)

Leibhéal íseal siúcra sa fhuil agus iontógáltar an iomarca insline isteach sa chorp nó ag ith ró-íseal carbaihiodráití

18.

Sainmhínigh Galar Céiliach

a)

Galar nuair nach mbíonn duine in ann glútan a dhíleá

b)

Galar nuair a bhíonn duine in ann glútan a dhíleá

c)

Galar nuair nach mbíonn duine in ann vitimín C a dhíleá

d)

Galar nuair nach mbíonn duine in ann cailciam a ionsú

19.

Tá séidte agus pian sa bholg mar shiomptóm do ghalar céiliach.

a)

Fíor

b)

Beagach

20.

Déan cur síos ar an siomból seo:

a)

Tá glútan sa bhia

b)

Tá an bia ard in iarann haeil

c)

Níl aon ghlútan i láthair sa bhia

d)

Níl aon saill sa bhia

21.

Tá duine le galar céiliach in ann feoil agus sicín a ithe mar tá siad gan glútan go nádúrtha.

a)

Fíor

b)

Beagach

22.

Déan cur síos ar aiste bia lachtveigeatóir

a)

Ní itheann siad feoil nó iasc ach itheann siad éineoil, táirgí déirí agus uibheacha

b)

Ní itheann siad feoil nó iasc ach itheann siad bainne, táirgí déirí

c)

Itheann siad iasc, táirgí déirí agus uibheacha

d)

Itheann siad bia ó phlandaí agus gránaigh amháin

23.

Bíonn aiste bia veigeatórach ard i vitimín B12 mar faightear vitimín B12 i mbia plandaí amháin.

a)

Fíor

b)

Beagach

24.

Cinntíonn córas HACCP sábháilteacht bia i rith ceannaigh, stórála, ullmhúcháin, cócarála agus riartha bia.

a)

Fíor

b)

Bréagach

25.

Sampla d'éilleán fisiceach

a)

fuíoll tionsclaíoch

b)

Gruaig

c)

Lotnaidicidí

d)

Baictéir

26.

Aithin éifeacht a bhaineann le fuíoll tionsclaíoch i mbia.

a)

Damáiste don chóras néaróga

b)

Ailse scamhóga

c)

Ailléirgeach d'antaibheathaigh

d)

nimhniú bia

27.

Cén cineál éilleáin é fuíoll tionsclaíoch?

a)

Éilleán bitheolaíochta

b)

Éilleán ceimiceach

c)

Éilleán fisiceach

28.

Déan cur síos ar ISO 9000

a)

Nuair atá bagairt láithreach do shláinteachas an phobail, d’fhéadfadh orduithe dúnta a bheith eisithe do fhoirgneamh bia agus scriostar bia míoiriúnach.

b)

Bia a chur ar díol nach bhfuil ar chaighdeán nó ar nádúr atá tomhaltóirí ag súil leis m.sh. Brollach sicín insteallaithe le brine a mhéadaíonn meachán an tsicín.

c)

Grúpa gníomhaireachtaí a bhaineann le caighdeán náisiúnta domhanda é a chruthaíonn caighdeán chun córais mhaithe bhainsitíochta a chruthú.

29.

Déan cur síos ar ról Oifigeach Sláinte Comhshaoil.

a)

Ullmhaíonn sé bia le haghaidh ócáidí speisialta

b)

Láimhseálann sé gearáin maidir le caighdeáin sláinteachais in áitribh bhia

c)

Bailíonn sé brúscair ó fhoirgnimh bia.

d)

Eagraíonn sé feasacht sábháilteacht bia i scoileanna timpeall na tíre

30.

Déan cur síos ar ról an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

a)

Cinntíonn siad go mbíonn na caighdeáin is airde ar shábháilteacht bia agus cosaint tomhaltóra in Éirinn. Déanann siad monatóireacht agus rialaíonn siad sábháilteacht an bhia maidir le feoil, déirí, torthaí, glasraí gaus uibheacha.

b)

Cinntíonn siad go mbíonn na caighdeáin is airde ar chóras taistil in Éirinn. Déanann siad monatóireacht ar na tíortha is cailiúla ar fud an domhain.

c)

Cinntíonn siad go mbíonn na caighdeáin is airde ar cheannach Tairgí in Éirinn. Déanann siad monatóireacht agus rialaíonn siad stíleanna faisin, praghasanna agus leagan amach an siopa.

31.

Sainaithin 2 ról a bhíonn ag an FSAI.

a)

•Coisceann sé baol i gcomhair sláinte an phobail ag éirí as iompórtáil, déantús, dáileadh nó díolachán an bhia.

•Cuireann siad smacht ar chaighdeáin chomhdhéanamh an bhia atá tábhachtach do shláinte and duine m.sh. Leathan déirí.

b)

•Cinntú go bhfreagraíonn bia leis na riachtanais dhleathacha nó, más oiriúnach, go bhfreagraíonn sé do chóid aitheanta dea-chleachtais.

•Oibriú le daoine i dtionscal an bhia chun iad a spreagadh i dtaca le táirgeadh bia sáb háilte.

c)

•Cosnaíonn sé an tomhaltóir in aghaidh calaoise (fraud) agus truaillmheascadh (adulteration) an bhia. Faoi na hachtanna seo:

•Ní cheadaítear bia a mheascadh, dath nó smál a chur ann le comhábhar nó earra atá guaiseach (hazardous) do shláinte an duine.

32.

Sainmhínigh tréithe orgánaileipteacha:

a)

milis, goirt, searbh, umami

b)

boladh, blas, uigeacht, fuaim agus radharc

c)

dathanna, boladh, radharcanna, patrúin

33.

Déan cur síos ar thástáil difríochta.

a)

úsáitear na tástálacha seo chun tréithe orgánaileipteacha bia m.sh. Blas, uigeacht, boladh agus iarbhlas a mheas

b)

Úsáidtear an tástáil seo chun fáil amach cén táirge ab fhearr leis an duine.

c)

úsáidtear tástálacha difríochtaí chun difríochtaí beaga idir táirgí a aithint

34.

Is sampla do thástáil difríochta é tástál rangaithe

a)

Fíor

b)

Bréagach

35.

Conas a dhéantar tástáil triantáin?

a)

Tugtar 2 shampla don tástálaí agus deir sé/sí cén ceann is fearr leis/léi

b)

Tugtar 3 shampla don tástálaí an ceann corr a aithint,

Úsáidtear an tástáil seo chun seiceáil an bhfuil duine in ann difríochtaí idir bhianna a aithint.

Tá sé úsáideach chun comparáid a dhéanamh idir brandaí leis an mbia céanna m.sh. Íogart nó cola

c)

Rangaítear sampla amháin nó níos mó de réir scála cainte nó scála aghaidhe a bhfuil cúig phointe, seacht bpointe nó naoi bpointe air

36.

Déan cur síos ar leagan amach scála rangaithe héadónaíoch

a)

Tugtar 2 shampla bia don tástálaí agus fiafraítear de/di cén ceann is fearr leis/léi.

b)

Tugtar sampla amháin nó níos mó . Fiafraítear ar an tástálaí na samplaí a rangú ag uimhir 1 a chur ar dtús, uimhir 2 a chur in aice le huimhir 1 agus rogha 3 a chur ag an deireadh.

c)

Rangaítear sampla amháin nó níos mó de réir scála cainte nó scála aghaidhe a bhfuil cúig phointe, seacht bpointe nó naoi bpointe air.

37.

Is féidir torthaí anailís chéadfach a léiriú ar phíchairt.

a)

Fíor

b)

Bréagach