Font size
WorksheetsBitheolaíocht ES Staidéar Nollag
Total questions: 27
Worksheet time: 16mins
Cén cineál bia a úsáidtear an imoibrí Benedict's fá choinne?
siúcra simplí
próitéin
saill
Vitimín C
Bíonn ________________ fuinnimh de dhíth ar dhéargóirí ná daoine fásta
Níos lú
Níos mó
Ainmnigh an cineál bia a chuidíonn le cosaint ar iatacht agus ar ailse phutóige.
mianraí
saill
snáithín
Ainmnigh orgán A
ceirbheacs
útaras
Ubhagán
faighinn
Is féidir frithghiniúint a úsáid le toircheas a chosc. Luaigh dhá bhuntáiste a bhaineann le coiscíní a úsáid mar fhrithghiniúnach.
Tá sé furasta teacht orthu
is féidir leo bheith neamh-iontaofa má bhriseann siad
tugann siad cosaint ar ghalair gnéas-tarchurtha
tá siad costasach
Ainmnigh an t-orgán a tháirgeann inslin.
an goile
An paincréas
an croí
an t-ae
Luaigh dhá dhifríocht idir diaibéiteas Chineál 2 agus diaibéiteas Chineál 1.
Faigheann tú diabéiteas cineál 1 ó leanbh-aois
Is féidir diabéiteas cineál 2 a chóireáil tríd aiste bia agus aclaíocht
Is féidir diabéiteas cineál 1 a chóireáil tríd aiste bia agus aclaíocht
Faigheann tú diaibéiteas mar gheall ar ithe milseáin
Cad é an fheidhm atá ag próitéin sa chorp?
foinse fuinnimh
insliú
fás agus deisiú
cosaint ó ghalair
Tá na plandaí ag cromadh i dtreo an solais . Is é an t-ainm a thugtar ar an phróiseas seo i bplandaí ná (a)
Cad é feidhm na faireoige próstataí?
speirm a dhéanamh
speirm a chothú
fual a stóráil
Cén dóigh a n-oibríonn Piollairí frithghiniúnacha?
Coisctear speirm ag dul isteach sa bhean
Stoptar an babaí ag fás
Athraítear leibhéil hormón i mná agus coisctear scaoileadh uibhe
Cad é an chuid de chóras atáirgthe an fhir a ghearrtar in obráid vaiseachtóime?
péineas
feadáin speirme
faireog phróstatach
Ainmnigh an tsubstaint shailleach sa léaráid a charnann san artaire agus caolaíonn sé dá bharr
colaistéaról
siúcra
snáithín
Luaigh dhá éifeacht fhadtéarmacha a bhaineann le diaibéiteas
fadhbanna leis an fhuil
damaiste de na duain
damáiste de na súile
damáiste do na cluasa
Cad é an t-ainm a thugtar ar chruth ADN (DNA)?
dréimire
bís
héilics dúbailte
Foirmítear ADN (DNA) ina chrómasóim. Ainmnigh an chuid den chill ina bhfuil crómasóim le fáil.
Núicléas
cíteaplasma
folúisín
Cad é a thugtar ar mhíreanna beaga de chrómasóim?
cóid
géinte
cealla
Ainmnigh an struchtúr atá lipéadaithe X ar an léaráid
cillbhalla
núicléas
cíteaplasma
Comhlánaigh na habairtí seo a leanas faoi inslin. Athraíonn inslin glúcós ina ___________.
glicigin
glúcagon
saill
Luaigh dhá fháth a mbeadh níos mó fuinnimh de dhíth ar dhéagóirí ná ar dhaoine fásta
tá siad níos greanmhaire
Tá siad níos gníomhaí
is maith leo bheith ag ithe bia
Tá siad go fóill ag fás
Luaigh dhá úsáid amháin den tsaill sa chorp.
insliú (teas)
fás agus deisiú
foinse fuinnimh
cosaint ó ghalair
Is féidir le hathrú ar an stíl mhaireachtála, mar shampla trí níos mó aclaíochta a dhéanamh, riosca an ghalair croí a laghdú. (i) Luaigh aon athrú amháin eile ar an stíl mhaireachtála a dtig leis riosca an ghalair croí a laghdú.
caith toitíní
níos lú strus
ól alcól
Tugtar ______ar an ubh thoirchithe.
suth
féatas
siogót
Cé acu litir, A, B nó C, a léiríonn an phlacaint?
A
B
C
Ainmnigh shá substaint a théann ón bhabaí atá ag forbairt chuig an mháthair.
úiré
glúcós
uisce
dé-ocsaíd charbóin
Ainmnigh dhá substaint a théann ón mháthair chuig an bhabaí atá ag forbairt.
dé-ocsaíd charbóin
glúcós
Ocsaigin
úiré
Ainmnigh aon mhodh frithghiniúna amháin a gcuirtear síos air mar mhodh ceimiceach.
piollaire
coiscíní
aimridiú
